Skip to main content

An Coiste um chúrsaí Digiteacha, Cultúir, Meán agus Spóirt (DCMS) chun scrúdú a dhéanamh ar an riocht ina bhfuil mionteangacha agus ar a bhfuil i ndán dóibh

19 January 2023

Is é a bheidh faoi phlé i bhfiosrúchán nua a dhéanfaidh an Coiste um chúrsaí Digiteacha, Cultúir, Meán agus Spóirt (DCMS) ná a bhfuil i ndán do na mionteangacha in Oileáin na Breataine agus ról an Rialtais maidir le tacaíocht agus forbairt a dhéanamh orthu.

Déanfaidh feisirí a machnamh ar na príomhthosca lena gcinntear cé acu a bhíonn rath ar theanga mhionlaigh, cad iad na critéir ba cheart a bheith ann chun stádas oifigiúil a bhaint amach, agus an bhfuil ceachtanna le foghlaim ó thíortha eile ina bhfuil cuid mhór den phobal líofa i níos mó ná teanga amháin.

Téarmaí Tagartha

Tá an Coiste um chúrsaí DCMS ag iarraidh fianaise i scríbhinn ar na ceisteanna seo a leanas a bheith curtha isteach faoin 10 Márta 2023.

  1. Cad iad na príomhthosca lena gcinntear an mbíonn rath ar theanga mhionlaigh dhúchasach?
  2. Cad iad na ceachtanna is féidir a fhoghlaim ó thíortha ina bhfuil cuid mhór den phobal líofa i mórtheanga agus i dteanga mhionlaigh dhúchasach araon?
  3. Cad ba cheart a bheith mar chritéir le breithiúnas a dhéanamh ar cé acu ba cheart stádas oifigiúil a bhronnadh ar theanga mhionlaigh?
  4. Cén ról ba cheart a bheith ag Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le tacaíocht a thabhairt do mhionteangacha dúchasacha agus iad a fhorbairt?

Is féidir fianaise i scríbhinn a chur isteach i mionteanga ach ní mór aistriúchán Béarla a bheith ina theannta.

Is éard a dúirt an Ró-Onórach Damian Green, Teachta Parlaiminte, Cathaoirleach Gníomhach an Choiste um chúrsaí DCMS:

"Dá mbeadh aon duine ag taisteal trí Oileáin na Breataine cúpla céad bliain ó shin bheadh réimse saibhir teangacha agus canúintí le cloisteáil aige, ó Lochlainnis i bhfad ó thuaidh go Coirnis san iardheisceart. Ó shin i leith tá aonteangachas níos coitianta inár bpobal ach tá an Albainis, Gaeilge na hAlban, an Ghaeilge, Breatnais, Ultais agus Coirnis fós ina ngnéithe tábhachtacha den chultúr réigiúnach, agus tá teangacha eile á n-athbheochan, amhail Coirnis. Inár bhfiosrúchán, déanfar scrúdú ar an bhail atá ar ár mionteangacha, ar cé acu an féidir leo maireachtáil sa tsaol mhór seo ina bhfuil an lámh in uachtar ag an Bhéarla, agus ar cén ról ba cheart a bheith ag an Rialtas ina gcaomhnú agus ina bhforbairt."

Further information

Image: Parliamentary copyright